Mise Raifteirí an file
by Aontaine Raifteirí, 1784–1835

Mise Raifteirí an file
Lán dóchais is grá
Le súile gan solas
Le ciúnas gan chrá.

 

'Dul siar ar m'aistear

Le solas mo chroí
Fann agus tuirseach
Go deireadh mo shlí.
 
Féach anois mé
Agus m'aghaidh ar bhalla.
Ag seinm ceoil
Do phócaí folamh'.
 

Abhaile


Celtic clip art courtesy of
Aon Celtic Art and Illumination

This page created by
Susan Dauenhauer Ciriello, Mooncove Design, 2001